Leabharlann Staire Scoil Chuimsitheach Chiaráin

 

Focal ó na Múinteoirí Staire

Le blianta beaga anuas caithfidh gach scoláire a dhéanann stair mar ábhar don Ardteist staidéar taighde speisialta a dhéanamh. Scríobhann siad an staidéar seo suas roimh an scrúdú féin. Caithfidh an scoláire an obair seo ar fad a dhéanamh iad féin. Le cabhrú lenár gcuid scoláirí tá muide, na múinteoirí staire i Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe, ag iarraidh leabharlann staire a chur le chéile. Thosaigh muid ar an obair seo sa scoil bhliain seo. Bíonn beagán airgid ar fáil laistigh den scoil chun leabhair a cheannacht. Chomh maith leis sin sheol muid litir chuig páipéirí nuachta náisiúnta agus páipéirí áitiúla ag súil go mbeadh siad sásta ár n-achainí d` amhainní a fhoilsiú. Bhí an Irish Independent sásta é a dhéanamh. As foilsiú na litreach sin rinne cúpla duine teagmháil linn a bhronn leabhair orainn. Tá muid fíor-bhuíoch do na daoine seo. Má tá aon duine eile sásta leabhair srl. a chur ar fáil dúinn bheadh muid fíor-bhuíoch. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag cormacocomhrai@hotmail.com. Beidh cuntas de na leabhair atá againn i réimsí difriúla den stair ar fáil ar an suíomh seo. 

 

An integral part of the Leaving Certificate History Curriculum is the Special Research Study which all students now have to undertake. In order to help our students with their studies and their research we, the history teachers of Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe (Co. Galway) are creating a history library. We started this project in this academic year. As well as having a small budget in the school we wrote a letter to several national and local newspapers hoping that our appeal for donations of relevent material would lead to success. The Irish Independent published this letter. This led to several people contacting us and we are very grateful for their donations. If anybody else would like to donate to us they may do so at cormacocomhrai@hotmail.com. An account of the books etc. that we have will be on this site.

 

Na Múinteoirí Staire,

Cormac Ó Comhraí

Páraic Ó Labhradha.